Menu



Imeachtaí na bPáistí/Children's Events

Táimid an bhródúil as an réimse d'imeachtaí a chuirtear ar fáil sa scoil. Spreagaimid na páistí chun triail agus taitneamh a bhaint astu. Luígh ar na naisc chun tuilleadh eolais a fháil. 

 

 

 

 

 

 

    

 

     

 

 

 

 

 

Gaeilge

“Beatha teanga í a labhairt”

Is Gaelscoil, thumoideachais chomhoideachasúil, Chaitliceach í Gaelscoil Thomáis Daibhís. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile. Tá taithí ag na páistí ar theanga a fhoghlaim tríd spraoi, cheoil agus rannta. Baineann na páistí ard-chaighdeán amach i ngach ábhar, an Béarla san áireamh. Spreagann Gaelscoil Thomáis Daibhís rannpháirtíocht na dtuismitheoirí in oideachas a bpáistí agus i saol na scoile.

Chun a thuilleadh a fhoghlaim mar gheall ar an nGaelscolaíocht téir go dtí  www.gaelscoileanna.ie.

 

         

Spórt

Is cuid lárnach é an spórt i saol na Gaelscoile agus tacaíonn sé lénár stádas mar scoil chothaithe slainte. Baineann gach páiste taitneamh agus tairbhe as an spórt. Imrítear peil ghaelach, iomáint, camógaíocht, eitpheil, rugbaí, hacaí, cispheil, cor agus téann páistí ag snámh lena rang chuig an linn snámha áitiúil. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh deis ag gach páiste scileanna snámha a bheith acu agus is minic a bhuann siad gradam ag an nGála Snámha bliantiúil. 

Tá an t-ádh dearg linn sa Ghaelscoil go bhfuil nasc láidir le Cumann Lúthchleas Gael agus tagann traenálaithe CLG chun na scoile chun a scileanna a roinnt linn.    

Is i ndiaidh scoile a thraenáltar na fóirne scoile. Bíonn oiliúint peile ag na cailíní ó rang 3 - 6 le Múinteoir Labhrás agus Múinteoir Áine  agus le blianta anuas, imríonn ár gcailíní i  gComórtas peile na Gaelscoileanna i gcoinne cailíní ó Ghaelscoileanna an chontae – Gaelscoil Mhachan, An Bhlárna, Gort Álainn agus Mainistir Fhear Maí. Bíonn an comórtas ar siúl i Mí Dheireadh Fómhair. Ag deireadh na bliana, Mí an Mheitheamh, glacann cailíní ó R 2 – 6 páirt i gComórtas Peil na mBan, Mala i gCarraig na hAbhann. 

Traenálann Múinteoir Tomás na buachaillí sa pheil ghaelach. Treoraíonn Múinteoir Conchubhair cúrsaí camógaíochta agus iomáinte

Glacann na páistí páirt i gcomortaisí sa pheil agus san iomáint gach bliain. Bionn deis acu imirt i gCarraig na hAbhann áit a bhfuil páirceanna iontacha. D'éirigh leis an nGaelscoil Craobh Tuaisceart Chorcaí a bhaint amach sa pheil cúpla bliain maraon le Peil na mBan a bhuachaint. Tá formhór de na daltaí mar bhaill de CLG chomh maith le bheith ar fhoirne na scoile. 

      

Is é Múinteoir Conchubhair atá i bhfeighil ar chúrsaí eitpheile sa scoil. Imríonn ranganna 3 - 6 an eitpheil agus shroicheadar Craobh na hÉireann cúpla babhta.   

Tagann traenálaithe rugbai ó Rugbaí na Mumhan chuig ranganna 3 - 6 ar feadh tréimhse chun deis a thabhairt dóibh an rugbaí a bhlaiseadh. Bainigí taitneamh as na físeáin.

Ní dhéantar dearmad ar an lúthchleasaíocht. Arís, is é Múinteoir Labhrás a ghlacann leis an gcúram sin agus déanann sé sár jab lena dtraenáil. Is minic a thagann páistí abhaile ó Lúthchleasaíocht Chorcaí le gradam dá bharr. 

     

Míle buíochas le Múinteoirí Áine agus Fiona a d'eagraigh Coiste Scoil Ghníomhach agus a bhfuair an chéad Brat Gníomhach dúinn. 

Béarla 

Úsáidimid Céim sa Léamh ( Literacy Lift Off) chun caighdeán a fheabhsú sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht. Roinntear an rang ina ngrúpaí agus fanann gach grúpa ag gach stáisiún thart ar 10 nóiméid. Díríonn an múinteoir isteach ar ghné fé leith den léitheoireacht. Maireann an córas seo thar 4 - 6 seachtaine.

Moltar do thuismitheoirí léamh chuig a bpáistí agus éisteacht le léitheoireacht a bpáiste gach oíche.

Literacy Lift off is used to improve reading and writing standards in our school. The participating class is divided into groups which spend approximately 10 minutes at each station. Each station is managed by a teacher and focuses on an aspect of literacy e.g inference, phonics, oral language, vocabulary to name but a few. The children rotate between the different stations, visiting all stations within the English lesson. It runs for 4 days a week, for approximately 4 - 6 weeks.

Parents are encouraged to read to and to listen to their child’s reading each night.  

BOOK FAIR: Múinteoir Donna organises this very enjoyable fair where children can purchase books and spend some time reading lots of different genres. She is helped by Coiste na dTuistí who 'mind the shop'  whilst the fair visits the school. 

Other initiatives run in the school to help raise literacy standards include shared/ paired reading between older and younger classes; the school library managed by 5th and 6th class children on Fridays; the book club; trips to the local library and the bi-annual book fair. Children's authors are frequently invited to present a workshop and share their work with us  - Ann Glover a Canadian author of string stories, Kieran Crowley - a local author as well as Eddie Lenihan have visited us and told us some very enjoyable stories. 

      

    

Mata

Tá Meitheal Mata an chosúil le Céim sa Léamh sa tslí go mbaineann sé úsáid as stáisiún agus cúpla múinteoir chun Mata a mhúineadh.

Roinntear an rang suas agus freastalaíonn siad ar stáisiún ag díríú isteach ar ghné den mhata, mar shampla, fadhb réiteach, tomhais, deachúlacha.....Rothlaíonn na grúpaí ó stáisiún go stáisiún ag caitheamh thart ar 10 nóiméid ag gach stáisiún le linn an ceacht Mata. Maireann an córas seo thar tréimhse de 4-6 seachtaine. 

 

Fadhb réiteach 

  

Obair ghníomhach sa Mhata

      

Ceol

Tá an ceol mar chroí-lár de ghach ceiliúradh scoile s’againne -  na sacraimintí, ceolchoirm na Nollag agus nuair a thagann cuairteoirí chun na scoile.  Ina theannta sin, glacann páistí páirt i Scór na bPáistí agus i bhFleadh an Chontae.  

Múineann Jackie Bolster ceol traidisiúnta le réimse leathan d’uirlisí ó rang 3-6 gach seachtain. Is iad Múinteoirí Conchubhair, Maighréad agus Regina atá i bhfeighil ar an gceolfhoireann agus múintear ceol traidisiúnta lasmuigh d’am scoile do pháistí freisin. Faoi láthair, foghlaimíonn páistí conas an fheadóg stáin, an fheadóg mhór, an bosca cheoil agus an coinceirtín, an fhidil, an maindilín agus an bainseó a sheinnt.

Léiríonn an ceolfhoireann a thallann i Halla na Cathrach gach bliain, ag glacadh páirt i gCor Fhéile na Scol agus baineann siad lán taitneamh as buscáil aimsir na Nollag.  

Cór

Is genre eile den léiriú stáitse é an cór agus canann ár gcór ag sacraimintí, i dtithe Altranais dos na seanóirí ag ócáidí speisialta sa scoil agus thíos fán bhaile aimsir na Nollag. Rinneadh dlúthdhiosca i 2015 chun 30 bliain de Ghaelscolaíocht i Mala a cheiliúradh.  Is iad Múinteoirí Eimear agus Fiona a stiúraíonn an cór. 

   

Rince

Múineann Norma Lane rince Gaelach gach Máirt agus Céadaoin sa halla ón a 4.00in ar aghaidh. Tagann páistí ó chian is ó chóngar chun freastal ar na ranganna seo.

Múintear rince Gaelach mar chuid de churaclam Chorp Oideachais i ngach rang agus chífimid torthaí na hoibre sin ag an gCéilí Mór le linn Seachtain na Gaeilge agus le linn Dráma na Nollag. 

 

Ealaín/ Ceirdeanna

              

   

Glacann na páistí páirt i gcomórtaisí áitiúla eagraithe ag an gComhar Creidmheasa agus ag na Cluichí Phobail. 

 

Róbó

Cuirtear ranganna iarscoile ar fáil go seachtainiúil chun freastal ar Róbotaic Vex. Bíonn ar pháistí róbó a thógáil, é a ríomhchlárú agus tionscnamh STEM a léiriú chomh maith. D'éirigh go hiontach linn sa chomórtas thar 3 bhliana agus fuaireamar deis chun dul go Birmingham chun páirt a ghlacadh i gCraobh an Ríocht Aontaithe. Is iad Múinteoiri Angela, Treasa, Ailín agus Máire a eagraíonn cúrsaí róbotaic sa scoil.  

    

 

 

iPadanna

Bainimid an deis as an mbeart iPadanna agus ríomhairí glúine atá againne is baineann na páistí an thaitneamh as an obair dhigiteach. 

        

 

Sacraimintí

Tá an scoil seo faoi phátrunacht Easpag Caitliceach Chluain Uamha ach cuirfimid fáilte roimh gach aicme creidimh. Leantar an clár ‘i nGrá Dé’. Ullmhaítear na daltaí ranganna 2 agus 6 i gcomhair na sacraimintí – sacraimint an Aithrí agus na hEochairiste agus don Chomhneartú.  

        

 

Turasanna

Is iomaí turasanna a thógamid mar is léir go bhfoghlaimíonn páistí an chuid ó saineolaithe éagsúla. Téimid go dtí an leabharlann áitiúil, an Lifetime Lab; Páirc Dhún ar Aill, An Eolaí Óg i Luimneach agus na coláistí 3ú leibhéil - UCC agus CIT. Téann Rang 6 go dtí Ionad Uisce Baile Theas gach bliain. 

 

 

Gairdín

Is scoil glas í Gaelscoil Thomáis Daibhís. Roimh na Dianghlasála, fuaireamar an 3ú bhratach faoin téama Uisce.  Gach aon bhliain, roghnaítear Coiste Glas le páiste ó gach rang 1- 6 agus bíonn neart tuismitheoir ar an gCoiste freisin. Bíonn cruinniú ag an gCoiste go rialta agus is faoi Mhúinteoir Sinéad an tionscnamh seo.

Go bliaintiúil, cuirtear síota, bleibíní, bláthanna agus glasraí. Is í Múinteoir Treasa  atá i bhfeighil ar chúrsaí garraíodóireachta. Tá forbairt déanta ar ghairdín na scoile agus is cúis onóir dúinn gur bhuaigh an 2 ghairdín moladh i gcomórtas Mhuintir na Tire sa chatagóir ‘ Uaslódáil, Dathú agus Ealaín’.

 

         

 

Gach Céadaoin, cuirtear béim ar WOW nó Siúl ar an gCéadaoin. Is féidir le tuismitheoirí páirceáil i gcarrchlós Aldi nó níos faide ón scoil agus siúl chun na scoile. Cuirfimid páistí ar an eolas faoina lorg carbóin agus conas aire a thabhairt don domhan lena n-iarrachtaí pearsanta. Cabhraíonn sé le páistí a bheith aireach ar na cosáin agus ar na bóithre, go háirithe ag an trasrian síogach.

Mar sin, tá Scoileanna Ghlasa fite fuaite trí shaol na scoile, rud a chabhróidh le páistí a bheith ina saoránaigh iontacha amach anseo.

 

Eolaíocht

Ceiliúraimíd Seachtain na hEolaíochta gach Samhain agus léirimid ár dturgnaimh ar an lá Grá don Eolaíocht i Mí Feabhra.Tagann Angela Mag Fhloinn ar chuairt chun ceardlanna eolaíochta a chur ar fáil do ghach rang sa scoil. Bhí nasc fé leith ag an scoil le Coláiste Mhuire gan Smál a chabhraigh linn le traenáil san eolaíocht.

         

Cuairteoirí 

Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh cuairteoirí. Tháinig Banna Cheoil an Airm chugainn cúpla babhta chomh maith le cuairteoirí Lá an Fhorógra. 

                       

Banna cheoil an Airm. 

  Drámaíocht/Ceolchoirm na Nollag 

Táimid an bhródúil as ár nDráma/Ceolchoirm na Nollag bliaintiúil a léirímid sa halla. Is buaicphointe na bliana é agus is minic a luann iarscoláirí na drámaí éagsúla a rinne siad sa Ghaelscoil agus an craic is an taitneamh a bhain siad astu. Léiríonn roinnt daltaí cumas thar na beart ar an ardán, rud a spreagann iad chun ranganna a thógaint le Centre Stage thíos fán bhaile. Míle buíochas as ucht an cabhair go léir a thugann Coiste na dTuistí dúinn le linn na hoícheanta sin. 

   

Tá an suímh seo faoi chóipchirt na scoile.  Gaelscoil Thomáis Daibhís. ©

Archives

Title Created
Obair na bPáistí/Childrens work 2015-08-31 20:34:46
Obair na bPáistí/Childrens work 2014-10-28 16:41:09
Obair na bPáistí/Childrens work 2013-11-12 17:03:32
Obair na bPáistí/Childrens work 2013-11-11 16:29:02