Menu



Gaelscolaíocht

 

   

Gaelscoil Thomáis Dáibhís- Gaelscolaíocht / Irish-Medium Education

Múineann Gaelscoil Thomáis Dáibhís gach ábhair trí Ghaeilge (ach amháin an Béarla) i dtimpeallacht spreagúil, thaitneamhach. Foghlaimíonn na páistí Gaeilge trí cheoil, spraoi, geáitsíocht agus rannta. Baineann na páistí ard-chaighdeán amach i ngach ábhair sa churaclam, an Béarla san áireamh agus bíonn siad an-bhródúil as a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt.

Tá gach fianaise ar fáil go n-éiríonn go han-mhaith le páistí sa chóras tumoideachais agus go mbaintear sár-chaighdeán amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla de bharr.

Tá a thuilleadh eolais ar fáil ar www.gaelscoileanna.ie agus ar www.comhairle.org

Naíonra Thomáis Dáibhís - Réamhscolaíocht tré mheán na gaeilge.

Tá Naíonra Thomáis Dáibhís lonnaithe in ionad Cumann Lúthchleas Gaeil ,Carraig na hAbhann (Carrigoon GAA complex). Freastalaíonn an Naíonra ar pháistí óga agus ullmhaítear iad le haghaidh tosú sa bhunscoil. Reachtáiltear seisiún maidine agus seisiún tráthnóna cúig lá na seachtaine. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Naíonra Thomáis Dáibhís is féidir dul i dteagmháil le Máire Bean Uí Bhriain, Stiúraitheoir ar 086-3233779.

 

Gaelcholáiste Dáibhís - Meánscolaíocht tré mheán na gaeilge

Bunaíodh Gaelcholáiste Dáibhís i Meán Fómhair 2014. Tá an Gaelcholáiste lonnaithe ar shuíomh Choláiste Daibhís. Tá tuilleadh eolais ar fail ó 022- 21173.