Menu



Fúinne/About Us

 

 Foireann na scoile 2023/2024

Príomhoide : Dónal Ó Murchú; Máire Ní Mhainnín (Príomh Oide Gníomhach); Leas-Príomhoide: Síle Ní Ríordáin; Rúnaí: Regina Barton 

Naíonáin Bheaga: Múinteoir Treasa Ní Choileáin agus Múinteoir Emma Nic Ghearailt

Naíonáin Mhóra: Múinteoir Ailín Attridge agus Múinteoir Niamh Ní Mhurchú

Rang a 1: Múinteoir Fiona Ní Chonaill  agus Múinteoir Síle Ní Laoire

Rang a 2: Múinteoir Niamh Ní Ghrifín/ Donna Mhic Eoin agus Múinteoir Sheleen Ní Ghloinn

Rang a 3: Múinteoir Rachel Ní Cheallaigh agus Múinteoirí Angela de Róiste

Rang a 4: Múinteoir Síle Ní Ríogáin/ Aoibhinn Ní Choirc agus  Múinteoir Eimear Ní Chionnaith

Rang a 5: Múinteoir Tomás Ó Conchúir agus Múinteoir Deirdre Ní Laoire

Rang a 6: Múinteoir Áine Ní Ríordáin agus Múinteoir Labhrás Ó hIcí. 

Múinteoirí Tacaíochta Foghlama/ Acmhainne: Síle Ní Ríordáin; Diarmuid Mac Gearailt; Siobhán Ní hArgáin,

                                                                   Siobhán de Prionnbhíol, Maighréad Ní Luasa. Sinéad Ní Chaoimh ( Teagasc foirne)

 

 

Coiste Bunaidh na Gaelscoile i 1985
Tús na gaelscolaíochta i Magh Ealla : Stair na Gaelscoile
Tháinig dream tuismitheoirí agus baill de Chonradh na Gaeilge le chéile go luath sna hOchtóidí. Theastaigh uathu Gaelscoil a bhunú.
Le cabhair ó Chumann na Gaelscoileanna cuireadh an t-iarratas faoi bhráid na Roinne Oideachais, lorgaíodh foirgneamh oiriúnach agus ar deireadh, socraíodh ar roinnt seomraí in Ionad an Pharóiste a úsáid mar chóiríocht sealadach.
Ceapadh Cathal Ó Riada mar Phríomh Oide agus osclaíodh Gaelscoil Thomáis Dáibhís don chéad uair ar an gcéad lá de Mhí Mheán Fómhair 1985.
 

Ceiliúrann ainm na scoile, Tomás Dáibhís a rugadh i Mala i 1814 agus a throid ar shon saoirse na ndaoine ins an 19ú aois déag.
Is spéisiúil go raibh an scoil lonnaithe ar dtús ar an bpríomh shráid a bhfuil ainmnithe ina dhiaidh.

Reachtáiltear Comóradh Thomáis Dáibhíós gach blian i mí Dheireadh Fómhair. Le linn an chomóraidh, bíonn léacht tugtha ag aoi-chainteoir náisiúnta agus canann Cór na Gaelscoile is bíonn Ceolfhoireann na Gaelscoiole ag seimnt ceoil ann.

 

Oscailt Oifigiúil an Fhoirgnimh Nua 2000.
Bhí cúrsaí go maith ar feadh roinnt mhaith de bhlianta agus an scoil lonnaithe i seomraí réamhdhéanta. Ach le h-imeacht ama agus líon na bpáistí ag méadú, bhí sé sóiléir nách réiteach buan a bhí ann don todhchaí.
Bunaíodh feachtas i measc na dtuismitheoirí agus na múinteorí chun scoil bhuan a thógáil. Scríobhadh go leor leor litreacha.
Ar deireadh thiar thall, tugadh an cead chun dul ar aghaidh agus scoil nua a thógáil ar an suíomh i gCnoc an tSamhraidh.
I 1999, thosnaigh obair na foghlama i láithreán nua, agus le háiseanna cearta, chuaigh saol na scoile i bhfeabhas.
Ba chúis mhór cheiliúradh é nuair a d'oscail an tAire Oideachais, Mícheál Ó Mairtín, Gaelscoil Thomáis Dáibhís i gCnoc an tSamhraidh i Mí an Mheithimh 2000 
 
 
 
 
 
 
 
 
Sa bhliain 2008, bhí gá le cur leis an scoil. Ag an am tógadh dhá sheomra ranga, seomra acmhainne agus le cabhair tuismitheoirí na scoile, bailíodh airgead chun leabharlann lárnach agus seomra ríomhairí a thógáil chomh maith. D'oscail an tAire Oideachais Parthalan ó Caoimh an síneadh scoile seo. 


Oscailt Oifigiúil an fhoirgnimh nua -  Feabhra 2018

 

 

Ba chúis mhór áthais dúinn an foirgneamh nua a oscailt do dhaltaí i Lunasa 2017. Is léiriú é den éileamh atá ar an ngaelscolaíocht i Magh Ealla agus sa cheantar. Anois, tá sé sheomra déag sa scoil, chomh maith leis h-áiseanna ar nós dhá chlós scoile le cúirt chispeile san áireamh, seomraí tacaíochta foghlama, gairdíní na bpáistí, halla scoile, cistin, leabharlann agus ríomhlann.

It is testament to the demand for Irish-medium education in Mallow and the surrounding area that we now have sixteen state of the art classrooms to add to our existing modern facilities which include a PE hall, a central library, a fully equipped computer suite/room, basketball courts, a kitchen and a number of learning support rooms. We offer the highest quality education to all our students through programmes such as Literacy Lift Off and Building Bridges of Understanding, Meitheal Mata, Jolly Phonics and Robotics Club to ensure that students are challenged to reach their full potential. The holistic development of each and every student is further supported  through engaging with initiatives such as Young Scientists,  Health Promoting Schools, Active Schools and Green Schools.