Menu



Baile/Home

Tá ábhar an suímh seo faoi chóipchirt na scoile.  Gaelscoil Thomáis Daibhís. 

Mór shiúl agus ceol choirm in onóir do Thomás Dáibhís i gCarraig na hAbhann. 

 

 

Rang Naíonáin Bheaga - Jackie  

S'iad seo na naíonáin bheaga i mo rangsa i mbliana.

 
Rang Naíonáin Bheaga - Angela  

Bhíomar ag obair go dian le linn an chéad téarma. D’fhoghlaimíomar Eolaíocht na mbláth, Mata, Ealaín agus Corp Oideachais. Bíonn am iontach againn ar scoil. 

 

 

 

Rang Naíonáin Mhóra - Donna

 

Bhíomar an ghnóthach i dTéarma 2.

Rinneamar Eolaíocht le Evan, Áine agus le Frances. Thugamar isteach na bréagáin ab ansa linn agus chleachtaíomar conas a bheith inár siopadóirí.  

 

 

Rinneamar an chuid obair ar fhoghraíocht; ghlacamar páirt i dtionscnamh Mata le NCCA agus thaitin Oíche Shamhna go mór linn. 

 
   

Rang Naíonáin Mhóra - Síle Ní Laoghaire

Is breá linn a bheith  i Naíonáin Mhóra. Déanaimid athchúrsáil, Ealaín, Léitheoireacht agus Mata. Smaoineoimid ar pháistí bochta eile thar lear agus seolaimid bronntanais chucu. Ceiliúraimid spórt.

 

 

 
   

Rang a 1 - Maighréad

 

Is breá linn obair go dian i Rang a 1. Tugaimid faoi na scrúduithe le diograis.  Taitníonn cuimiltí agus ceol go mór linn freisin. Is maith linn an geimhreadh mar tagann sneachta uaireanta. 

 
   

Rang a 2 - Eimear

D’fhoghlaimíomar mar gheall ar bholcáin, an dúlra agus piongainí ó mhúinteoir Eimear.

Rinneamar gleacaíocht agus Meitheal Mata léi chomh maith. 

 

 
   

Rang a 3  - Siobhán Ní Argáin

Tháinig Jennifer Ní hAirtnéide isteach chun cabhrú linn chun crosairí Bhríde a dhéanamh. 

 

Rinneamar ceacht sa Stair ar ár mbréagáin. Tháinig an múinteoir isteach lena sean teidí.

Bímid go léir an cheanúil ar bhréagáin áirithe;  is cuma má tá siad caite nó nach bhfuil. Taitníonn na bréagáin boga go mór mhór linn. 

 

 
   

Rang a 4  - Siobhán de Priondbhail

 

Tá an t-ádh dearg linn go dtagann cúpla tuismitheoir isteach chugainn chun cniotáil a mhúineadh dúinn gach seachtain.  Rinneamar gaisce leis na snáthaidí. Cad a cheapann sibh? 

 

 
   

Rang a 5 -  Máire  + Rang a 6 - Mícheál 

 

Is breá linn seachtaine na hEolaíochta sa Ghaelscoil. I mbliana, tháinig Angela Nic Fhloinn chun taispeántas a thabhairt. Rinneamar turgnamh ar ábhair agus ar chomhshuíomh na n-ábhar sin.

Roinneamar suas na hábhair in aigéid agus i mbunanna le sú ó chabáiste dearg. Ansin, mheatsáleamar an dath sa leacht le h-eochar a d’inis dúinn cén saghas comhshuíomh a bhí sa leacht.

 

Rinne Rang a 6 múnla 3T de chomhábhair leachtanna coitianta sa chistin  - m.sh H2O.